Socraíodh cistithe don DTTAS i mBuiséad 2020 chun scéim chun dolaí laghdaithe a mhuirearú i dtaca le LEVanna, lena leathnófar amach Scéim an Dola Dreasachta d’Fheithiclí Leictreacha a bhí ann roimhe seo. Is leis an gClár Laghdaithe Astaíochtaí Carbóin a dhéanfar an Scéim LEV seo a mhaoiniú, agus é mar aidhm aici astaíochtaí iompair a laghdú agus earnáil iompair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de a bhaint amach faoi 2050. Is é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a dhéanfaidh an Scéim le dolaí a mhuirearú thar ceann an RITAS.
Tagraítear don Scéim mar ‘Scéim an Dola Dreasachta d’Fheithiclí Astaíochtaí Ísle (LEVTI)’.
Is éard atá sa Scéim ná fairsingiú ar Scéim an Dola Dreasachta d’Fheithiclí Leictreacha ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2018; agus rithfidh an scéim seo go dtí an 31 Nollaig 2022 (nó suas go huasmhéid de timpeall 50,000 LEVanna).
Tá uasteorainn de €1,500,000 curtha leis an méid a bhféadfar a leithdháileadh leis an Scéim in 2020. Déanfaidh an DTTAS cinneadh maidir leis an méid maoinithe a bheidh curtha leis an Scéim gach uile bhliain. Tá rialacha na Scéime agus na dreasachtaí / aisíocaíochtaí is infheidhme faoi réir athraithe, agus cinnfidh DTTAS na haisíocaíochtaí nua agus na téarmaí agus coinníollacha ábhartha roimh thosach na bliana féilire.
Chun páirt a ghlacadh sa Scéim, ní mór d’Úsáideoirí Dola Incháilithe na critéir seo a leanas a chomhlíonadh laistigh d’aon cheann amháin de na trí fho-chatagóir:
1. Carranna Paisinéirí agus Feithiclí Earraí Éadroma;
2. Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí Paisinéirí (SPSV); nó
3. Fheithiclí Tromshaothair (HDV).
Féach ar Chuid 1.1, Cuid 2.1 agus Cuid 3.1 thíos chun tuilleadh sonraí a fháil.
Ní mór do gach aon Úsáideoir Dola Incháilithe i ngach aon cheann de na catagóirí seo na critéir seo thíos a chomhlíonadh:
1.1 Carranna Paisinéirí LEV agus Feithiclí Earraí Éadroma:
Ní mór d'úsáideoirí dola incháilithe faoin gcatagóir seo na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Beidh feithiclí earraí éadroma incháilithe faoin gcatagóir seo más rud é go gcomhlíonann siad na critéir thuas agus go bhfuil ollmheáchan deartha acu nach mó ná 3,500 cileagram.
2.1 Beagfheithiclí Seirbhíse Poiblí (SPSV)
Sa chatagóir SPSV (i.e. Tacsaithe, Hacnaithe agus Limisíní), tá na critéir don fheithicil incháilithe mar an gcéanna leis na rialacha le haghaidh Carranna LEV Paisinéirí agus Feithiclí Earraí Éadroma. Tá difríocht idir an aisíocaíocht atá ar fáil do SPSVanna, áfach, de réir mar atá luaite ag seo thíos.
3.1 Fheithiclí Tromshaothair (HDV)
Ní mór d'úsáideoirí dola incháilithe faoin gcatagóir seo na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
Braitheann na haisíocaíochtaí scéime ar an suíomh bailithe dola, agus ar an am agus an lá a tharlaíonn an idirbheart dola, ar an gcineál d’Fheithicle Incháilithe (i.e. BEV, PHEV, FCEV) agus ar an aicme (i.e. príobháideach, feithicil earraí éadroma, SPSV agus HDV) atá i gceist. Féach na táblaí thíos ina bhfuil na buaicuaireanta agus na huaireanta seachbhuaice léirithe, chomh maith le haisíocaíochtaí na scéime is infheidhme agus an Uasteorainn Aisíocaíochta in aghaidh na Bliana Féilire (an CBL san áireamh) mar atá sainmhínithe sa scéim.
Ní áireofar gnáthfheithiclí hibrideacha sa scéim. Caithfidh gur Feithicle Leictreach arna Cumhachtú le Cadhnraí (BEV) nó Feithicle Leictreacha hibrideacha Plugála (PHEV) atá ann a chuireann amach astaíochtaí CO2 de 80gm, nó níos lú ná sin, in aghaidh an km.
Is éard atá sa Scéim ná fairsingiú ar Scéim an Dola Dreasachta d’Fheithiclí Leictreacha ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2018; agus rithfidh an scéim seo go dtí an 31 Nollaig 2022 (nó suas go huasmhéid de thimpeall 50,000 LEVanna). Is féidir aisíocaíochtaí ar dolaí feithiclí a chur i bhfeidhm i ndáil le gach aon idirbheart dola a dhéantar tar éis an dáta tosaithe agus tar éis don fheithicil a bheith glactha agus cláraithe sa scéim.
Tá sé beartaithe go mbeidh an scéim i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022. Mar sin féin, tá rialacha na Scéime agus na dreasachtaí / aisíocaíochtaí is infheidhme faoi réir athraithe, agus fógróidh DTTAS na haisíocaíochtaí nua agus na téarmaí agus coinníollacha ábhartha roimh thosach gach uile bhliana féilire.